Comhairle do Dhaoine Scothaosta agus dá dTeaghlaigh agus dá gCom-harsana
Féadann sé bheith deacair do gach duine sa gheimhreadh bogadh timpeall agus gníomhaíochtaí laethúla a dhéanamh. Bíonn sé níos deacra fós do dhaoine breacaosta agus leochaileacha. Comhairle do dhaoine breacaosta nó breoite
Ag Coimeád Folláin agus Te
- Coimeád te, ith dóthain bia agus seachain taisteal nach bhfuil riachtanach. Ba cheart duit béilí teo a ithe go rialta agus dóthain deochanna a ól, ar an mbealach sin coimeádfaidh tú te agus beidh dóthain fuinnimh agat chun fanacht gníomhach
- Déan cinnte go bhfuil dóthain bia agat chomh maith le haon chógas ar oideas a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uait. Fan gníomhach laistigh.
- Bíodh dóthain breosla agat chun go mbeidh dóthain teasa agat i do theach
- Iarr cabhair ó do chuid gaolta agus comharsana má tá sí uait. Coimeád liosta dá n-uimhreacha gutháin taobh le do ghuthán
Sábháilteacht Phearsanta – Ag Coimeád Sábháilte
- Le linn aimsire oighreata, caith bróga dea-fheistithe a bhfuil boinn neamhsciorracha orthu más gá duit dul amach ach déan iarracht gan siúl amach an iomarca le linn na haimsire fuaire
- Smaoinigh ar aláram pearsanta a chaitheamh ionas go gcuirfear do theaghlach nó do chomharsana ar a n-eolas má thiteann tú
- Má thiteann tú, fiú mura bhfuil i gceist ach titim mhionchúiseach, déan cinnte cuairt a thabhairt ar do dhochtúir chun scrúdú a fháil
Titim a chosc i do theach
- Fág solas lagfhuinnimh ar lasadh le linn na hoíche, is fearr ceann a bhfuil aschur ard solais aige
- Úsáid mata neamhsciorrach cithfholcadáin nó folcadáin
- Cinntigh nach bhfuil sreanga ná cáblaí ó lampaí, theileafóin srl fágtha ar an talamh áit a mbíonn tú ag siúl
- Socraigh an troscán ionas go bhféadann tú bogadh go héasca timpeall do chuid seomraí go léir
- Bain rugaí den teach nó úsáid téip neamhsciorrach ionas nach sleamhnóidh rugaí
- Smaoinigh ar ráillí láimhe a chur isteach ar an dá thaobh den staighre
Coimeád folláin an Geimhreadh seo – le haghaidh tuilleadh eolais tabhair cuairt ar http://www.hse.ie/eng/services/gaeilge/
Ag coimeád súile ar dhaoine scothaosta agus breoite
- Déan iarracht bualadh isteach ar ghaolta agus chomharsana scothaosta, agus tabhair cúnamh dóibh má theastaíonn sé uathu le linn aimsire crua.
- Déan cinnte go bhfuil dóthain bia agus cógas acu
- Déan cinnte go bhfuil dóthain breosla acu ionas go mbeidh dóthain teasa acu ina dtithe
- Má bhíonn amhras ar bith ort faoi shábháilteacht duine bhreacaosta nó bhreoite iarr cúnamh ón nGarda Síochána nó ó na seirbhísí sóisialta i do cheantar féin