Dhaoine faoi Mhíchumas
Comhairle do Dhaoine faoi Mhíchumas maidir le Bhei
Ag Coimeád Sábháilte agus Te:
- Má éiríonn do mhíchumas níos measa nuair a éiríonn an aimsir níos fuaire dean iarracht bheith ar d’eolas faoi réamhaisnéis na haimsire chun ligean duit pleanáil chun an phian a láimhseáil
- Caith an méid ceart éadaí agus déan iarracht teocht do choirp a choimeád ar an leibhéal a theastaíonn
- Ba cheart do dhaoine atá faoi mhíchumas luaineachta céimeanna breise a ghlacadh chun a gcuid lámh agus cos a choimeád te chomh maith le codanna eile den chorp a mhothaíonn an fhuacht
- Ith do dhóthain agus seachain taisteal nach gá. Ba cheart duit béilí teo a ithe agus neart deochanna a ól, ar an mbealach sin coimeádfaidh tú te agus beidh fuinneamh agat le fanacht gníomhach
- Déan cinnte go bhfuil dóthain bia agat chomh maith le haon leigheas ar oideas a d’fhéadfadh a bheith uait. Más féidir leat gluaiseacht beagáinín déan iarracht fanacht gníomhach taobh istigh
- Bíodh dóthain breosla agat chun do theach a choimeád te go leor
- Iarr cabhair ó do mhuintir agus do chomharsana má tá sí ag teastáil. Bíodh liosta dá gcuid uimhreacha gutháin agat in aice le do ghuthán féin
- Murar féidir leat labhairt le daoine ar an nguthán, déan cinnte go bhfuil ball clainne nó cara agat ar féidir leat teachtaireacht téacs a sheoladh chucu chun cabhair a fháil má tá sí ag teastáil uait, agus cláraigh leis na seirbhísí éigeandála ionas gur féidir leat teagmháil a dhéanamh leo trí theachtaireacht téacs más gá.
- Más gá duit trealamh míochaine nó fearas luaineachta cumhachtaithe a úsáid gach lá déan cinnte le do thoil go mbíonn teacht agat ar sholáthar cumhachta i gcónaí.
- Déan cinnte go bhfuil tú ar chlár na gcustaiméirí leochaileacha do na cuideachtaí fuinnimh agus d’Uisce Éireann
- Má tá madra cuidithe agat, déan cinnte go gcoimeádtar iad siúd te chomh maith. Déan cinnte pluid a chur ar fáil don ainmhí i gcónaí ionas gur féidir leo a scíth a ligean. Coimeád an t-ainmhí taobh istigh an oiread is féidir
Sábháilteacht Phearsanta–Ag Coimeád Sábháilte:
- D’fhéadfadh go gcuirfí isteach ar do sheirbhís cúraim bhaile de thoradh aimsir an gheimhridh agus ba cheart duit pleananna malartacha a dhéanamh i gcás go dtarlódh sé sin
- Nuair a bhíonn an aimsir oighreata, caith bróga den tomhas ceart a bhfuil boinn neamhsciorracha orthu más gá duit dul amach ach déan iarracht gan bheith ag siúl lasmuigh an iomarca le linn na haimsire fuaire
- Má tá fearas luaineachta agat déan cinnte gur féidir leis greim a fháil ar dhromchla oighreata
- Má tá rampa agat déan cinnte go bhfuil dóthain grin air san aimsir oighreata
- Má tá fón soghluaiste agat déan cinnte go bhfuil sé luchtaithe agus tóg leat é agus tú ag dul amach
- Smaoinigh ar aláram pearsanta a chaitheamh ionas go gcuirfí baill clainne nó comharsana ar a n-eolas i gcás go dtitfeá
- Má thiteann tú, fiú mura bhfuil i gceist ach titim bheag, déan cinnte gur féidir leat cuairt a thabhairt ar do dhochtúir i gcomhair scrúdú sláinte
Ag coimeád súile ar dhaoine faoi mhíchumas
- Más féidir, faigh eolas faoi mhíchumas baill clainne nó comharsan agus fiafraigh díobh cén chaoi is fearr gur féidir leat cabhrú leo i gcás go mbeadh cabhair uathu
- Déan iarracht bualadh isteach ar ghaolta agus chomharsana atá faoi mhíchumas, agus cuir cabhair ar fáil dóibh i gcás aimsire crua
- Déan cinnte go bhfuil dóthain bia agus cógas acu
- Déan cinnte go bhfuil dóthain breosla acu ionas go mbeidh a gcuid tithe te go leor
- Déan cinnte go bhfuil teacht acu ar chumhacht agus uisce
- Déan iarracht cuairteanna nó glaonna teileafóin rialta a shocrú ionas nach mothaíonn siad go bhfuil siad ina n-aonar
- Má tá amhras ort faoi shábháilteacht duine a bhfuil aithne agat orthu agus atá faoi mhíchumas iarr cúnamh ón nGarda Síochána agus ó na seirbhísí sláinte agus sóisialta i do cheantar