Feirmeoirí
Téann an aimsir reo i bhfeidhm ar fheirmeoireacht ar go leor bealaí. Is iad na gníomhaíochtaí is mó a mbíonn tionchair aici orthu ná soláthar beatha agus uisce do bheostoc, beatha a sheachadadh chuig feirmeacha agus iompar táirgí ó fheirmeacha, reo píobáin uisce chuig seideanna agus trachanna uisce lasmuigh, reo bliteoirí agus trealaimh eile i mbleánlanna, agus dochar do bharra foráiste a dhéantar a innilt in-situ nó a stóráil i gclóis fheirme. Freisin tá baol pearsanta ag baint le hobair agus le tiomáint thar dhromchlaí oighreata. Tá comhairle shonrach curtha ar fáil ag Teagasc maidir le dul i ngleic leis na deacrachtaí sin go léir. Chun an chomhairle go léir a fháil déan teagmháil le Teagasc ag www.teagasc.ie
Comhairle Ghinearálta
- Bíodh ábhar grin ar fáil agat chun rochtain ón gclós feirme agus chuige a cheadú
- Insligh aon phíobáin nochta
- Níor cheart smaoineamh ar sconnaí a fhágáil ar siúl chun uisce a choimeád ag sreabhadh chun an baol go reofaidh píobáin a laghdú ach áit a bhfuil soláthar uisce ar fáil ar an bhfeirm. Ní féidir é sin a dhéanamh áit a gcuirtear an t-uisce ar fáil ag an Údarás Áitiúil nó ag Grúpscéim
- Suiteáil téitheoir teasrialaithe i seomraí gléasra ar cheart dul i bhfeidhm nuair a bhaineann an teocht 10C amach.
Sábháilteacht
- Glan roinnt rianta ar fud an chlós feirme, cuir salann dí-oighrithe orthu agus ná siúil ach ar na siúlbhealaí sábháilte sin
- Cuir grean ar chlóis agus ar bhóithre fánánacha chun trácht a éascú
- I gcás beostoic a chuirtear amach le linn an gheimhridh déan tréadaíocht le linn sholas an lae agus roimh thitim na hoíche
- Seachain ceantair ghuaiseacha agus tír-raon garbh
- Tóg fón póca leat agus tú ag dul ag tréadaíocht nó ar turais eile