An Teach
Sneachta a Ghlanadh
Sneachta a ghlanadh ó chosáin
- Féadann sé bheith crua go leor sneachta a ghlanadh – ná tabhair faoin obair ach má tú réasúnta folláin agus mura bhfuil riocht míochaine ort
- Glan sneachta nó oighear go luath sa lá más féidir
- Caith coisbheart daingean, inslithe, uiscedhíonach a bhfuil boinn le greim mhaith air
- Úsáid sluasaid. Tá sluaistí speisialta ar fáil don obair sin ach déanfaidh sluasaid gairdín cúis
- Déan cosán síos go lár na háite atá á glanadh ionas go mbeidh dromchla glan agat le siúl air
- Ná húsáid uisce atá ar fiuchadh riamh chun sneachta a ghlanadh (d’fhéadfadh go n-éireodh sé reoite arís agus go gcruthófaí oighear dubh dá bharr)
- Féadann tú oighear a chosc trí shalann a scaipeadh ar an áit atá glanta agat
- Nuair a bhíonn sneachta á ghlanadh agat tá sé tábhachtach gan coisithe ná trácht a bhac. Cinntigh go dtógtar an sneachta chuig áit eile nach mbeidh sé mar ghuais
Comhairle Dlí maidir le Glanadh Sneachta agus Grean a Leagan
Tá sé curtha in iúl ag Oifig an Ard-Aighne nach dtagann dliteanas chun cinn áit a nglantar sneachta ó chosáin ar bhealach sábháilte.
Áit a leagann daoine grean a chuir na húdaráis áitiúla ar fáil ar bhóithre, is í an chomhairle dlí ná nach dtagann dliteanas chun cinn áit a ndéantar an t-ábhar a sheachadadh, a stóráil agus a úsáid ar bhealach sábháilte agus nach mbíonn sé mar ghuais.
Tuilte
Le haghaidh comhairle maidir le Tuilte, léigh ár leabhrán Tuilte
Ganntanais Uisce/Lign
Is féidir eolas faoi shocruithe d'Údaráis Áitiúil chun déileáil le ganntanais uisce a fháil trí láithreán gréasáin d'údaráis áitiúil atá ar fáil ag an nasc seo a leanas http://www.housing.gov.ie/ga/rialtas-aitiuil/riarachan/udarais-aitiula/udarais-aitiula-sonrai-teagmhala
Bí Ullamh – réamhchúraim in aghaidh teochta reo
- Soláthar uisce príomhlíonra don áitreabh, .i. buacaire lasmuigh – ba cheart nach mbeadh an doimhneacht ó leibhéal talún go dtí an buacaire níos lú ná 600mm. Más gá, iarr comhairle ó ghairmí maidir leis an mbuacaire a ísliú nó a chosaint. Tá an chomhairle chéanna i gceist maidir leis an líne ón mbuacaire go dtí d’aonad réadmhaoine. Coimeád i gcuimhne go bhféadfadh go dtiocfadh athrú ar an leibhéal de réir mar a thagann sé in aice le d’aonad réadmhaoine
- Chun buacairí a chosc ó reo, oscail dúnpholl an bhuacaire agus bain aon uisce de. Líon an dúnpholl le hábhar neamhshúiteach chun insliú a chur ar fáil. Ná húsáid ábhar súiteach toisc go n-éireoidh sé sin reoite freisin nuair a éireoidh sé fliuch
- Ná fág sconnaí ar siúl toisc go gcuirtear acmhainn luachmhar amú nuair a dhéantar amhlaidh
- Má tá tú chun imeacht ó d’aonad réadmhaoine ar feadh níos mó ná cúpla lá, ba cheart duit an soláthar uisce chuig an aonad réadmhaoine ón mbuacaire lasmuigh a chasadh as (agus cinntiú freisin go gcastar as aon fhearas nó ais a mbraitheann ar uisce)
Bí Ullamh – seachain Píobáin Reoite
- Cinntigh go bhfuil dóthain inslithe ar gach píobáin nochta. Áirítear leis sin píobáin san áiléar áit a bhfuil dea-insliú ar urláir an áiléir
- Cuir insliú ar sconna lasmuigh nó cuir tuáille timpeall air
- Fág solas ar lasadh san áiléar
- Oscail comhla an áiléir chun teas a ligean isteach
- Fág an teas ar siúl ag socrú níos ísle ar feadh tréimhsí níos faide
- Is é an teas is fearr a thugann cosaint i gcoinne píobán reoite agus mar sin coimeád do theach te
Soláthar uisce píobán reoite
- Má tá do sholáthar reoite, bí cúramach maidir le húsáid a bhaint as córais teasa, meaisíní níocháin nó fearais nó áiseanna eile a bhraitheann ar uisce
- Má tá amhras ort, déan teagmháil le pluiméir cáilithe chun comhairle a fháil
Ligin Uisce
- Ba cheart an soláthar uisce in áitribh fhoilmhe agus i dtithe saoire a chasadh as agus a dhraenáil chun ullmhú don gheimhreadh
- Sealbhóirí eochrach – seiceáil áitribh go rialta le haghaidh ligean féideartha
- Má bhraitear ligean
- Cas as an soláthar uisce– is gnách go mbíonn an comhla stoptha faoin doirteal cistine
- Cas air sconnaí fuaire chun an córas a draenáil
- Cas as teas lárnach
- Cas as an soláthar leictreachais má tá an ligean in aice le fearais leictreachais
- Cuir fios ar phluiméir cáilithe
Bí Ullamh
- Bíodh soláthar beag de bhia neamh-mheatach agat atá éasca le hullmhú
- Coimeád soláthairtí breise de chógas riachtanach i gcás go mbeadh sé deacair dul chuig an gcógaslann
- Coimeád soláthar dóthanach de bhreosla um théamh/chócaireacht agus rogha oiriúnach eile i gcás go dteipfeadh ar an bpríomhsholáthar
- Bíodh sluasaid agus mála salainn ar fáil agat chun cosáin a choimeád glan agus sábháilte
- Bíodh cadhnraí agat le haghaidh tóirsí i gcás gearradh cumhachta
- Bíodh coinnle agus lasáin agat. Ba cheart coinnle a choimeád i gcoinnleoirí cearta amach ó shiorraí i gcónaí. Ná fág coinneal ar lasadh gan duine ina bhun riamh
- Bíodh coimeádán uisce agat chun soláthar uisce óil a chinntiú
- Bíodh uimhreacha teagmhála éigeandála ar fáil agat
- Fág eochair agus sonraí teagmhála le comharsana nó le duine de do theaghlach má tá chun imeacht ar saoire
- Seiceáil go bhfuil an t-insliú áiléir tiubh agus go bhfuil riocht maith air
- Feistigh seaicéad fálaithe ar d’umar uisce nó mar rogha eile, cuir ábhar inslithe oiriúnach timpeall bharr agus thaobh an umair
- Deisigh aon ligin i sconnaí nó i gcomhlaí
- Bíodh a fhios agat conas an soláthar uisce a chasadh as (is gnách go ndéantar amhlaidh faoi bhun an doirteal cistine)
- Feistigh eisiatóirí seoidire ar do chuid doirse agus fuinneog
- Cinntigh go ndéantar cothabháil mhaith ar threalamh téimh, go bhfuil gaothairí cearta air agus go bhfuil sé in ord ceart oibreCinntigh go nglantar simléir uair amháin sa bhliain ar a laghad